Listen

Description

Ar an gclár seo, bhí Ellen Corbett ag labhairt linn faoina scoláireacht Fulbright in Ollscoil Montana agus faoin seimineár gréasáin ar ghlac sí páirt ann le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Emma Verling, taighdeoir iardhochtúireachta san éiceolaíocht muirí i gColáiste na hOllscoile Chorcaí faoina cuid taighde anseo in Éirinn, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, agus an chaint a thug sí mar chuid den fhéile Liú Lúnasa ar líne le déanaí.