Ar an gclár seo, chualamar ó Marie Ní Bhraonáin, múinteoir meánscoile a bheidh ag dul go Zambia na hAfraice le grúpa daltaí is múinteoirí ón scoil Gonzaga ag tógáil tithe um Cháisc. Labhair John Ó Liodáin linn faoi chúpla feachtas a bhfuil sé ag obair orthu faoi láthair i mBÁC - ceann Amháin chun Gaeilgeoirí le spéis sa reifreann Mí Bealtaine a tharraingt le chéile - tar éis dó filleadh tamall ó shin ó bheith ag múineadh Gaeilge i mBéising na Síne. Labhair Eoin faoi scéal Hilary Clinton agus roinnt scéalta móra idirnáisiúnta eile den tseachtain freisin.