Bhí Eoin Ó Cathain beo linn ó Washington D.C. áit a bhfuil sé ag obair ar feadh tamaill don samhradh ar an gclár seo. Chomh maith leis sin, chualamar ó Vikki Ní Bhréin duine de na hÉireannaigh a tháinig abhaile chun vóta a chaitheamh sa dá Reifreann Dé hAoine an 22 Bealtaine agus ó Shíne Nic An Ailí atá ag obair in Ollscoil Montana, inar bhuaigh an fhoireann iománaíochta 'Na Grizzlies', faoi stiúradh Naoise Waldron, Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta de chuid CLG na gColáistí Náisiúnta (NCGAA) sna Stáit Aontaithe le déanaí.