Labhraíonn Cian Ó Cíobhain le Seán faoin 22 bliain atá caite aige ag cur An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tugann sé súil siar ar na rudaí is mó a spreag an grá atá aige don cheol, na rudaí a tharraing i dtreo a cheird mar DJ é agus labhraíonn sé faoina chuid buaicphointí agus cuimhní móra óna shaol leis an gceol go dtí seo, scéal suimiúil faoin gceoltóir, léiritheoir agus DJ Andrew Weatherall agus go leor eile.