Listen

Description

Labhraíonn Conall Ó Máirtín le Séan faoina shaothar leathan sa raidió agus sa teilifís le BBC agus TG4. Insíonn sé dúinn faoin tsraith Blas ar BBC Raidió Uladh ar a mbíonn sé le cloisteáil gach seachtain, na sraitheanna Blas na nIriseoirí, Snámh Fiáin, agus Woofáil, chomh maith lena chuid oibre sa tráchtaireacht spóirt. Faighimid léargas ar na rudaí a spreag Conall le tosú ag obair sa chraoltóireacht, an chúlra atá aige sa teagasc, dlí, Cumann Lúthchleas Gael agus go leor eile.