Listen

Description

Labhraíonn Donncha Mac Con Iomaire le Seán faoin saothar leathan teilifíse atá déanta aige mar stiúrthóir, léiritheoir agus láithreoir lena chomhlacht féin – Léirithe DMCI. Insíonn sé dúinn faoina chlár is déanaí – Bádóirí: Na Jimmys – agus na rudaí a mhúscail a chuid suime san fharraige agus sa scannánaíocht. Déanann Donncha cur síos ar an tábhacht a bhaineann le cultúr muirí I gConamara agus faighimid léargas iontach ar stair na bádóireachta agus na daoine iontacha atá páirteach ann.