Labhraíonn Eoin Ó Dubhghaill le Seán faoin dráma raidió eisceachtúil 'Rún', a bhuaigh Gradam Joe Steve agus a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Scríobh Eoin an dráma, a bhí léirithe ag Fíbín agus taifeadta sa Taibhdhearc i nGaillimh agus is iad na haisteoirí Eoghan Ó Loideáin, Pól Ó Gríofa, Áine Ní Dhroighneáin agus Marie Bheag Bhreathnach atá le cloisteáil sna príomhpháirteanna sa dráma. Insíonn Eoin do Sheáin faoin bpróiseas scríofa agus léirithe, faoi cá háit a bhfuair sé inspioráid don scéal agus an méid atá ar siúl aige faoi láthair.