Labhraíonn Ian Mac Gabhann le Seán faoin méid atá bainte amach aige agus ar siúl aige faoi láthair – a ról mar oifigeach oideachais le Gael Linn, an méid atá déanta aige le hICUF i gCeanada, saothar leathan raidió atá déanta aige thar na blianta. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid ceoil, an t-amhrán Is Cuimhin Liom ach go háirithe, agus faoina leathanach Instagram nua Aplotment33 a dhéanann cur síos ar an aistear atá a dhéanamh aige ag cur agus ag fás glasraí sa chathair.