Labhraíonn Marie Bheag Breathnach le Seán faoina cuid saothar i Ros na Rún ó thosaigh sí ar an tsraith sa bhliain 2002. Insíonn sí do Sheáin faoina scéal mór is déanaí lena carachtar Mo Gilmartin, a mharaigh Frances ar Ros na Rún níos luaithe i sraith 25. Tugann Marie súil siar ar na cuimhní is fearr atá aici ó bheith ag obair ar Ros na Rún go dtí seo, na scéalta atá déanta aici agus na rudaí is fearr faoi bheith ag aisteoireacht ar an tsraith.