Labhraíonn Myra Zepf le Seán faoina saothar is déanaí – na leabhair An Féileacán agus an Rí (buaiteoir Gradam Reics Carló 2020), Nóinín (buaiteoir Ghradam CBI do Leabhar na Bliana 2020) agus Míp (ainmnithe ar ghearrliostaí Gradam Reics Carló agus Gradam CBI), sraith theilifíse nua bunaithe ar shraith Rita (buaiteoir Gradam Chumann Litearthachta na hÉireann 2019), an scannán Sol (ina ndearna sí aistriúchán agus guthú) agus go leor eile.