Labhraíonn an múinteoir, podchraoltóir, gníomhaí teanga agus ceoltóir Niall Ó Siadhail le Seán, agus é ar ais in Oileán an Ghuail i gContae Thír Eoghain, tar éis seal fada i Londain. Insíonn Niall dúinn faoina shuim sa Ghaeilge - béaloideas agus sean-Ghaeilge ach go háirithe - agus an saol múinteoireachta i Londain. Cloisimid faoin podchraoladh iontach Nuacht Mhall agus a chuid ceoil - tá ceol cumtha, canta agus eisithe ag Niall mar Low Flying Orchestra. Faighimid léargas ar an méid a dhéanann Niall i saol an Ghaeilge, le Conradh na Gaeilge agus ó thaobh cearta teanga de.