Labhraíonn Pauric O’Meara, ceoltóir agus cumadóir tréitheach, le Seán faoina shaothar ceoil. Cloisimid faoin singil nua – Final Say – atá eisithe aige le gairid, chomh maith lena hEP iontach Looking Forward To Hindight, atá ar fáil ar Bandcamp. Insíonn sé do Sheáin faoi na rudaí a bhíonn ina inspioráid ag a chuid amhráin agus a phróiseas scríbhneoireachta. Labhraíonn Pauric faoina chuid ceolchoirmeacha atá ag teacht aníos go luath, sa Soundhouse, in Winthrop Avenue agus i Whelans, agus faighimid blaiseadh den mhéid atá le teacht sna míonna amach romhainn.