Listen

Description

Labhraíonn Séaghan Ó Suilleabháin, an Kerry Cowboy, le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair, idir feirmeoireacht, staidéar agus a chuid leathanaigh iontacha ar TikTok agus Instagram mar an Kerry Cowboy. Insíonn Séaghan do Sheáin faoina mhadra caorach cliste Braindí agus na bealaí dearfacha atá na cuntais ar na meáin shóisialta i ndiaidh tacú le daoine anseo in Éirinn agus i bhfad i gcéin. Tá neart craic agus comhrá faoi shaol na tuaithe, madraí caorach a thraenáil agus go leor leor eile.