Listen

Description

Labhraíonn Tadhg Ó Ciardha le Seán faoina shaol mar ealaíontóir, scríbhneoir agus ceoltóir. Insíonn sé dúinn faoin MA atá déanta aige sa Bhéaloideas agus Drámaíocht agus saothar fíorshuimiúil atá cruthaithe aige mar pháirt de sin. Faighimid amach faoin ealaín a chruthaíonn sé agus atá a dhíol aige, faoi shraith t-léinte atá deartha aige, agus na rudaí is mó a bhíonn ina thionchar ar a shaothar. Insíonn Tadhg dúinn faoin ealaín atá a chruthú aige do sheó Idir Mise agus Chraiceann do Chluaise agus faoina chuid ceoil.