Fáilte romhaibh chuig an eagrán is déanaí de iGaeilge. Cothrom an ama seo, ar an 18ú Márta 1969, a cuireadh tús le Gluaiseacht Cearta Sibhíalta na Gaeltachta. Eagrán suimiúil agus ba mhór is fiú an leath uair breise. Ba bhreá a thuilleadh eagráin mar seo. Ag an am chéanna bhí an fócas ró mhór ar an aimsir atá caite agus an méid a baineadh amach i 1969 agus ó shin - gan a dhothain béime ar na ceachtanna atá le foghlaim ag an nglúin seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. Bhí sé seafóídeach chomh maith go raibh ar an gcainteoir ó Thír Chonaill agallamh a dhéanamh trí Skype le bheith páirteach beo sa chlár seachas go raibh ceangal ceart theilifíse ann idir Ghaeltacht Chonamara agus Gaeltacht Thír Chonaill.