Fáilte rómhaibh go dtí an eagrán is déanaí de mo phodchraoladh. Seo iGaeilge ar an Luan, 25 Márta, 2019. Tá an podchraoladh seo á thaifeadadh agus ó chraoladh ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí. Ag caint aréir i mBaile Mhúirne mhol Cormac Ó hAodha go n-úsáidfeadh daoine sa cheantar 'Gaeltacht Mhúscraí' ina seoltaí poist le tabhairt le fios do na h-údaráis gur ann don Ghaeltacht i gContae Chorcai agus gan ligint don tuiscint sin imeacht as radharc.