Bhíos ar mo shuaimhneas glan ar maidin agus mé ag siúl le mo dhá ghadhar. Chuas suas i dtreo Barr d'Ínse agus stopamar ag an droichead thar an tSuláin in aice leis an scoil. Chuala mé fuaim na h-abhann ansan. Agus d'áírigh mé na grastaí ó Dhia - grastaí an tsaoil más fearr leat - agus ansan d'fhilleas agus briseadh isteach ar mo shuaimhneas le smaointe faoin mhéid a bhí le rá ag Karen Bradley i leith na daoine ar mharaigh Arm na Breataine agus Póilíní ó thuaidh le linn na coimhlinte. Dar lei, nach coireanna abea na feallmharuithe seo. Ar ndoigh, dob iad.
Agus ansan ar mhaithe leis an crá croí a ruaigeadh téim go tabhairne i Kimmage, Baile Átha Cliath mar atá fear a'tí ag lorg tabhairneoir le Gaeilge le h-obair ann. Yu Ming is ainm dom - NOT.