Listen

Description

Fáilte romhaibh a chomh Sceimhlitheoirí Chultúrtha, sinne atá ag iarraidh inár slí beag féin bheith ag obair ar son na Gaeilge agus rud éigean a dhéanamh chun í a thabhairt slán agus beo beathach don ghlúin a thagann inár ndiaidh. Inné thug an Choimisiún um Ghearáin Craolacháin breith i leith ghearán a rinne Julian de Spáinn faoi théarma maslach, Cultural Terrorists, a thug Ivan Yates ar dhaoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge.  Diultaíodh don ghearán ar an ábhar gur diospóireacht poiblí a bhí ann agus nach raibh i gceist ach iarracht chun argóínt te teasaí a spreagadh.   Is cuimhin liom le mo linn gur tugadh 'abrasive Gaels', 'Taliban Teanga' is 'fanaiceoir' ar phobal na Gaeilge. An másla is measa ná go gcuirtear in iúl gur pobal sinn atá ag labhairt teanga atá marbh is nach ann dúinn. Táimíd beo.