San eagrán seo tugaim mo léargas ar scannán nua Netflix, Velvet Buzzsaw, scannán atá lonnaithe i saol ealaín Los Angeles agus atá gné scanrúil ósnadúrtha ag baint leis. Tá suim agam san ábhar ós rud é go rabhas mé féin ag obair i nDánlann go dtí le déanaí.
Agus tugaim gairdeas freisin do mo sheancháirde, Seamus agus Seán Mac Seáin atá ag fáil Gradam Ghlór na nGael ag an deireadh seachtaine nuair a bronnfar na gradaim ar fad ag ocáid in Óstán Ghlasáin, Co. na hIarmhí.