Listen

Description

San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire stáit Gaeltachta de chuid
Fhine Gael, Dinny McGinley, an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an
t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin. Agus an baol atá ann go mbeidh Fine Gael fágtha
gan suíochán Dála sa chontae den chéad uair le 100 bliain, pléitear deacrachtaí
an pháirtí i nDún na nGall chomh maith leis na scéalta is déanaí ó Olltoghchán
2024