Tá Naoise Ní Fhuireastal sé bliana déag d’aois agus tá sí ag freastal ar Ghaelcholáiste Chéitinn i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árainn.
Rugadh agus tógadh í le Gaeilge faoin tuath gar do Chluain Meala agus tá sí sáite sa chultúr Gaelach ón gcliabhán. Tá an suim aici sa cheol traidisiúnta agus an C.L.G. Seinneann sí an consairtín, an chruit agus an pianó. Imríonn sí peil Ghaelach le Tráchtálaí Chluain Meala. Bíonn sí ag freastal ar cheardlanna ceoil timpeall na tíre lena deartháir gach samhradh, áit a mbíonn spórt agus scléip acu.
Seo í Naoise ag léamh a shaothar buacach Cogadh don Chorn a bhuaigh an chéad duais i gComórtas B1 – Aiste: Roinn A (faoi 16) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.