Listen

Description

Bhain Lúba le Alan Titley Buaic-Saothar Próis na Bliana i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2018.

D’fhoilsigh An Gúm é sa bhliain 2020.

Is scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley a bhfuil naoi n-scríofa aige agus an deichiú ceann idir lámha aige faoi láthair. Ar a bharr seo, tá ceithre chnuasach gearrscéalta dá chuid foilsithe agus an cúigiú ceann ar an mbealach. Fairis sin, léiríodh drámaí stáitse agus raidió a scríobh sé in Amharclann na Mainistreach, ar RTÉ agus ar an BBC. Tá dhá chnuasach filíochta leis i gcló agus is iad atá téagartha. Bíonn colún seachtainiúil ar chúrsaí reatha, cúrsaí cultúir srl. aige i The Irish Times. Tá scripteanna teilifíse scríofa aige agus d'aistrigh sé dhá úrscéal le Máirtín Ó Cadhain go Béarla. Tá aistí liteartha scríofa aige chomh maith: Chun Doirne agus Nailing Theses ina measc.

Seo é Alan Titley ag léamh an chéad dá chaibidil don saothar. 


Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.