Listen

Description

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021Ficsean do Dhaoine Óga ar an saothar Scian Ghéar. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht an leabhar le déanaí faoin teideal Fóir Orm!  

Is file, scríbhneoir próis, taighdeoir, iar-mhúinteoir meánscoile agus iar-chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Áine Uí Fhoghlú, arb as Gaeltacht na Rinne di. 

Tá an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais buaite ag a cuid leabhar do dhéagóirí, ina measc Pincí sa Ghaeltacht, a bhain duais in 2011 agus LabhairAmach.com, a bhain duais in 2017. Tá an dá leabhar ar churaclam an Teastais Shóisearaigh i láthair na huaire. 

D’fhoilsigh Coiscéim dhá úrscéal a scríobh Áine don fhoghlaimeoir fásta: Crúba na Cinniúna agus Uisce Faoi Thalamh. Bhuaigh an dá shaothar an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht an scéal Éalú, a bhain an chéad duais amach i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2012.

Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aici: Aistear AonairAn Liú sa Chuan; agus Ar an Imeall. Tá an ceathrú cnuasach, Mná dár mhair, le foilsiú i mbliana. Bronnadh Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide uirthi in 2008, chomh maith le gradaim fhilíochta eile.

Sa mbliain 2019, d'fhoilsigh Áine cnuasach seanchais agus béaloidis ó Ghaeltacht na nDéise, Scéalta agus Seanchas, Potatoes, Children & Seaweed, bunaithe ar shraith d'agallaimh fhístéipe a rinne sí i dtús na nóchaidí. 

Seo í Áine ag léamh caibidil 5 agus 6 ón leabhar Fóir Orm.


Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.