Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais, Comórtas A7: Gearrscéal – Duais an Mhaolánaigh ar An Chóir Chodlata le Seán Ó Muireagáin sa bhliain 2018.
Is scríbhneoir filíochta, amhráin agus gearrscéalta chomh maith le craoltóir raidió le Raidió Fáilte é Seán Ó Muireagáin arbh as Béal Feirste dó ó dhúchas. D’fhoilsigh an teach fhoilsitheoireachta, Éabhlóid, cnuasach gearrscéalta óna pheann in 2018 darb ainm Gáire in Éag, atá suite i dtuaisceart na hÉireann i rith tréimhse na dTrioblóidí. Ainmníodh an leabhar seo do Ghradam Leabhar na Bliana An Post 2019.
Is gníomhaí ar son phobal na Gaeilge ar fud na tíre é Seán agus bhí baint aige le bunú Gaelscoileanna i dtuaisceart na hÉireann ar feadh 40 bliain.
Sa sliocht seo den scéal, cloisfidh tú An tÉascaitheoir agus é ag machnamh ar an tréimhse a chaith sé féin mar phrintíseach agus é ag ullmhú don phrintíseach nua a bheidh faoina chúram agus é i mbun traenála.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.