Listen

Description

San eagrán seo de Seoda ón Taisce Liteartha, cloisfear Áine Durkin ag léamh rogha dánta óna shaothar Mise Áine: An Bhean Istigh a bhain an chéad áit amach i gComórtas A9: Comórtas don Scríbhneoir Nua i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2017.

Is as Conamara ó dhúchas d’Áine. Tá duaiseanna i gComórtais Liteartha an Oireachtais bainte ag Áine Durkin dá bhlag, Mise Áine (2010), agus dá cnuasach filíochta/amhrán ‘Mise Áine, An Bhean Istigh’ (2017). Bhain amhráin léi duaiseanna ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach (2013, 2018, 2019, 2020) agus ó Ros Na Rún/Raidió na Gaeltachta (2013). Bhain an t-amhrán a chum sí, ‘Ní Thuigim,’ an chéad áit ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, 2019. Bhain sí Gradam Choilm de Bhailís (2019) agus cuireadh a hainm le ‘Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge’ sa bhliain 2020.

Tá saothar léi foilsithe sna hirisí Comhar, An Gael, Biseach, agus Gaelscéal; sna leabhair ‘Gaillimh; Díolaim Cathrach’ (curtha in eagar ag Brian Ó Conchubhair, Cló Iar Chonnacht) ‘I mBun Pinn’ (Glór na nOileán f/c Comhairle Ceantar na nOileán), Windows Publications, agus A Page From My Life (Harper Collins le Ray D’Arcy Show.) Bíonn ailt léi le léamh go minic sa bhforlíonadh míosúil, Súil Thart, sa Donegal News.

Bhí sí mar aoi fhile ag Éigse an Spidéil, Féile Chois Fharraige, agus An Cúirt Festival thar na blianta, agus bíonn saothar léi le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (Iris Aniar, An Cúinne Dána, Aistí ón Aer), Raidió na Life i mBaile Átha Cliath, agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste.  Ghlac sí páirt i bhFéile Liú Lúnasa, agus bíonn sí páirteach sa Chúirt Filíochta ag an An tOireachtas, agus sa bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, go rialta.

Is féidir í a fháil ar na meáin shóisialta ag @MiseÁine ar Twitter/Facebook/Instagram agus is í údar an bhlag ‘Mise Áine ag Rámhaille.’


Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.