Inniu, beidh mé ag labhairt le hÉanna Ó Maolmhíchíl, ‘fíor-Chláiríneach’ mar a thugann sé air féin. Is í an topaic atá idir láimhe againn ná rud nach dtarlaíonn go ró-mhinic i saol an Chumainn Lúthchleas Gael; aistriú club. I 2014, d’aistrigh Éanna club ó Mhíleac go dtí an Páirtín, dhá chlub sa pharóiste céanna i gContae an Chláir, an-ghar don teorainn Luimní. Pléfimid cén fáth gur aistrigh sé chomh maith leis na dúshláin a bhí aige agus cé chomh sásta is atá sé lena chinneadh faoi láthair.