Listen

Description

 Beidh mé ag labhairt le Briain Ó Barra, iriseoir spóirt. Ní hamháin ach is é an t-aon iriseoir amháin le Sky Sports atá lonnaithe in Éirinn. Pléfimid na buntáistí is na míbhuntáistí a bhaineann leis an bpost speisialta seo. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an bplé. 

Má tá aon tuairimí agatsa ar an ábhar nó más maith leat topaic áirithe a mholadh dom, ná bíodh drogall ort scríobh chugam ar Twitter @PaSheehan nó trí ríomhphost pasheehan31@gmail.com. Tá súil agam cúpla clár eile a dhéanamh agus bheinn sásta iad a bheith bunaithe ar bhur gcuid tuairimí. Go raibh maith agat as éisteacht linn inniu is chífidh mé sibh go luath.