Listen

Description

*Ainmnithe le haghaidh Clár Faisnéise Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach 2024*

Beagnach trí scór bliain ó scríobhadh é, tá An Triail ar cheann de na drámaí is corraithí agus is seasmhaí sa Ghaeilge. Scríofa ag an drámadóir clúiteach Mairéad Ní Ghráda sa bhliain 1964, is scéal breithiúnach é ar stádas na mban i sochaí na hÉireann ag an am agus an éagóir a bhain leis an mbealach ar caitheadh leo. Déanann an clár faisnéise seo an saothar stairiúil a chíoradh, ábhar cartlainne agus cuimhní cinn faoi na chéad léiriúcháin sna hamharclanna Damer agus Eblana a roinnt, agus ábharthacht an tsaothair sa lá atá inniu ann a phlé.

Chomh maith le giotaí drámata ó léiriúchán Fíbín de An Triail tá léargas ó na hacadóirí Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Dr Éamon Ó Cíosáin, garmhac le Mairéad Ní Ghráda; ó Dharach Ó Tuairisg ó Fíbín, agus ó bheirt aisteoirí a ghlac páirt sa dráma sna 1960í; Clive Geraghty agus Áine Ní Mhuirí.

Rinneadh an clár seo a thaifeadadh i Stiúideo na Life le Fearghal Saxe mar theicneoir, agus Judy-Meg Ní Chinnéide a bhí mar láithreoir, léiritheoir agus eagarthóir.

Ábhar cartlainne in úsáid le cead ó Cartlainn RTÉ. Is le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an clár seo, leis an táille ceadúnais teilifíse.