Beidh Fleadh Scannán na Gaillimhe ag rith ón 9ú-14ú Iúil i mbliana. Don chuid is mó do shaol an fhéile, is annamh a bhí scannáin i nGaeilge ar fáil dó, ach le roinnt mhaith blianta anois, tá TG4 i bhfoirm Cine 4, tar éis é sin a athrú. I mbliana, tá cúig cinn le taispeáint acu, 3 faid-scannán agus dhá ghearr-scannán. Bhí deis cainte againn le Deirbhile Ní Churraighin chun a fháil amach futhu agus conas gur féidir le TG4 é seo a dhéanamh.