Tá an ceantar ina mbíodh óstan an Royal Dublin agus oifigí na comhairle condae ar Shráid Uí Chonaill Uachtarach díomhaoin le fada. Níos luaithe sa tseachtain bhronn an chomhairle cathrach cead pleanála ar an gcomhlucht Hammerson chun forbairt a dhéanamh. Phlémar an scéal leis an gcomhairleoir Micheál Mac Donnchadh ó Shinn Féin, atá míshásta gur tugadh cead do Hammerson an plean atá acu a chur i gcríoch. Deir Mac Donnchadh go m'bhéidir nach bhfuil an comhlucht dáiríre agus go bhfágfar an suíomh díomhaoin ar feadh roinnt blianta eile. Dáta craolta: 051023