Labhair Antoine Ó Coileáin, iarPhríomhfheidhmeannach le Gael Linn, faoi Bhrian Mac Aongusa, a fuair bás le déanaí. Chaith Brian tréimhse mar phríomhfheidhmeannach ar Ghael Linn chomh maith. Bhí baint mhór aige le cúrsaí raidió. Bhi sé mar cheannaire ar Raidió na Gaeltachta agus ar bhord Raidió na Life sna blianta tosaigh. Ba staraí áitiúil é chomh maith i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus suim ar leith aige i stair an iarnróid in Éirinn. Beannacht Dé leis. Dáta craolta: 28032023