Listen

Description

Sa sraith seo breathnaíonn Aonghus Ó Lochlainn ar stair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (“An Comhdháil” amach anseo), a bhí lárnach i saol phobal na Gaeilge mar scátheagraíocht óna bunú i 1943 go dtí a dúnadh i 2014. Cé go raibh gnó na comhdhála ar cúl stáitse, bhí tionchar nár bheag aici ar stádas reachtúil agus dearcadh pobail ar an nGaeilge a mhéadú, agus bhí tionchar ollmhór aici ar na heagraíochtaí agus na daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ó lá go lá. Féachfaidh an sraith seo ar stair agus éabhlóid na Comhdhála, ar na daoine agus na tograí a raibh baint aici leo, agus ar an tionchar oidhreacht na heagraíochta anois go bhfuil sí imithe. Arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an táille ceadúnais teilifíse. Craolta i 2019.