Sraith dírithe ar mhná éachtacha i réimsí éagsúla atá anseo, le téama ar leith ag baint le gach eagrán. I ngach clár, insítear scéal spleodrach faoi bhean Éireannach sa stair a rinne éacht agus tá agallamh pearsanta le bean atá bainteach leis an réimse céanna sa lá atá inniu ann. Déantar plé ar a gcuid oibre; na mná a tháinig rompu agus na mná a thug agus a thugann ionsporáid dóibh.
San eagrán seo, tá Jane Farley i mbun cainte leis an scríbhneoir, Réaltán Ní Leannáin, mar gheall ar Maria Edgeworth(Scríbhneoir, 1768 – 1849).
Judy-Meg Ní Chinnéide a bhí mar léiritheoir agus eagarthóir fuaime ar an tsraith. Fearghal Saxe a bhí mar theicneoir fuaime. An t-aisteoir Hilary Bowen-Walsh a léigh na scéalta stairiúla. Is le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an clár seo, leis an táille ceadúnais teilifíse.