Listen

Description

Sular bualadh an tír le paindéim Covid-19, thug Raidió na Life cuairt ar sé Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath chun taifead a dhéanamh ar eispéiris dhéagóirí na hidirbhliana agus na múinteoirí a bhíonn á stiúradh. Tarraingíonn an tsraith seo na taifeadtaí cartlainne sin le chéile le plé nua maidir leis na dúshláin a bhaineann leis an idirbhliain i rith na paindéime agus na féidearthachtaí atá ann don bhliain speisialta seo do dhaoine óga sa todhchaí.

Le hagallaimh ó dhaltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí, nochtann an tsraith seo éiteas agus féiniúlacht sé Ghaelcholáiste: Coláiste Íosagáin, Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Coláiste Chilliain, Scoil Chaitríona, Coláiste de hÍde & Coláiste Cois Life. Le hionchur ó Mharcus Ó Floinn ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, déantar plé ar fhorbairt na hidirbhliana agus an poitéinseal a bhaineann léi mar chuid lárnach den chlár iar-bhunscoile.

Is le tacaíocht ó Údarás Craoalcháin na hÉireann a rinneadh an clár seo.

Léiritheoir/Eagarthóir: Judy-Meg Ní Chinnéide