I rith bhliain acadúil 2022/2023, thug Raidió na Life cuairt ar ollscoileanna i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara le taifeadadh a dhéanamh ar shaol na Gaeilge mar atá sé á chaitheamh ag daoine óga ar champais tríú leibhéal san am atá i láthair, agus ar éispéiris na mac léinn agus iad ar an ollscoil. Cloisfear mic léinn agus baill de phobail Ghaeilge Choláiste na Tríonóide, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Mhá Nuad, ag labhairt faoi chur chun cinn na Gaeilge ar a gcuid campais agus na féidearthachtaí atá ann don Ghaeilge mar chuid den eispéireas laethúil atá ag daoine óga agus iad ina mic léinn ollscoile, ag baint taitneamh as ceann de na tréimhsí is taitneamhaí dá saol.
Le hagallaimh phearsanta le mic léinn, oifigigh Ghaeilge agus daoine eile a bhfuil baint acu leis na Cumainn Ghaelacha agus saol na Gaeilge sna hollscoileanna trí chéile, tugtar léargas spéisiúil sa tsraith seo ar na buaicphointí a bhaineann le saol na mac léinn agus le saol na Gaeilge ar an tríú leibhéal, mar aon leis an acmhainn iontach a bhaineann leis an saol ollscoile mar chliabhán do chur chun na Gaeilge sa sochaí.
Is le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Choimisiún na Meán a rinneadh an tsraith seo, leis an táille ceadúnais teilifíse.