Aontaíodh ag cruinniú de chuid na comhairle cathrach aréir go ndéanfaí droichead in aice le Páirc an Chrócaigh a ainmniú i gcuimhne ar Dhomhnach na Fola 1920 a tharla le linn cluiche peile idir Bhaile Átha Cliath agus Tiobraid Árann. Maraíodh ceathrar déag den lucht féachana sa slua nuair a dhein fórsaí na Breataine agus an RIC piléir a scaoileadh leo.