Bhí an scribhneoir Ross Ó Colmáin linn sa stiúideo chun taifead a dhéanamh ar an gearrscéal nua aige. Chuir Ross in iúl dúinn gurbh é lá idirnáisiúnta na stadaireachta a bhí ann inné. Mar sin rinneamar iarracht an taifeadadh seo a choinneáil chomh barántúil agus ab fhéidir. Bhí Martina in éineacht le Ross chun cabhrú leis le linn an tseisiúin taifeadta. Tugann an scríbhneoireacht isteach i saol Ross sinn ach tá brí faoi leith leis an scéal nuair a léann an t-údar é.