Mar chuid d’Fhéile Bram Stoker Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 2023, chuir Raidió na Life podchraoladh speisialta neamhbheo, Súmairí agus na Neamhmhairbh, i láthair in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, ar an Domhnach, 29 Deireadh Fómhair.
Sa phodchraoladh speisialta seo, a taifeadadh os comhair lucht éisteachta is féachana beo, labhair Muiris Ó Fiannachta le hAlan Titley, an t-aisteoir agus stiúrthóir Caitríona Ní Mhurchú agus an scríbhneoir ficsin vaimpírí do pháistí, Orna Ní Choileáin, faoi mhórthionchar cultúrtha Bram Stoker agus Dracula mar aon le haistriúchán Gaeilge Sheáin Uí Chuirrín ar an úrscéal ón mbliain 1933.