Listen

Description

Ar an meán, itheann duine amháin os cionn 1000 béile in aghaidh na bliana - bíodh siad leo fhéin, i gcomhluadar cairde, agus ithe béilte beir leat nó sa mbaile le teaghlach. Tá an bia ag croílár an tsaoil agus baineann siad le scéal agus saol an duine agus an phobail. Sa tsraith seo labhraíonn Doireann Breathnach le haíonna speisialta faoi na béilte is mó a d'fhág rian orthu, agus na scéalta a ghabhann leo.

Labhraíonn Doireann sa gcéad eagrán seo leis an bhfile agus scríbhneoir Ciara Ní É mar gheall ar na béilte is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi bealach amháin nó bealach eile - agus mar gheall ar na scéalta agus daoine a bhaineann leo.