Listen

Description

Ar an meán, itheann duine amháin os cionn 1000 béile in aghaidh na bliana - bíodh siad leo fhéin, i gcomhluadar cairde, agus ithe béilte beir leat nó sa mbaile le teaghlach. Tá an bia ag croílár an tsaoil agus baineann siad le scéal agus saol an duine agus an phobail. Sa tsraith seo labhraíonn Doireann Breathnach le haíonna speisialta faoi na béilte is mó a d'fhág rian orthu, agus na scéalta a ghabhann leo.

Labhraíonn Doireann san eagrán seo le Edel Ní Bhraonáin, a bhfuil baint aici le Gael Linn, leis na Gaeil Óga agus go leor gnéithe eile de shaol na Gaeilge, mar gheall ar na béilte is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi bealach amháin nó bealach eile - agus mar gheall ar na scéalta agus daoine a bhaineann leo.