Déanann na leads tuar ar cé a bheidh sa SuperBowl i mbliana agus pléann siad cluiche iontach eile ag CJ Stroud agus na Houston Texans i gcoinne na Cincinnati Bengals, atá ag streachailt anois san AFC Thuaidh. An bhfuil Stroud sa chomhrá MVP anois mar thoradh?
Tá caint san eagrán seo chomh maith faoi na ‘Avengers’, mar a deir James, atá ag na San Francisco 49ers agus an bua ollmhór a bhí acu ar na Jacksonville Jaguars. An bhfuil Trevor Lawrence ag streachailt i mbliana?
Agus cad faoi na Buffalo Bills? Rogha na coitiantachta ag an-chuid daoine ag tús na bliana agus seans anois ann nach mbeidh siad sna cluichí réitigh ach oiread, le sceideal deacair ar na beacáin.