Listen

Description

Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!

Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!

San eagrán seo labhraíonn Ciara le hEoin P. Ó Murchú - scríbhneoir, aistritheoir, aisteoir, agus bunaitheoir is eagraí imeachtaí éagsúla idir greann agus amhránaíocht. Tá cainéal iontach YouTube aige - caithigí súil air!

Cad is brí le 'shanghai-áil'? 

An féidir leis an ATM do chuid Gaeilge a fheabhsú?

Ar mhaith leat ‘muisteais frog’ a bheith ort?

An gcaitheann Eoin pitseámaí?

Scríobh Eoin nótaí daoibh faoi roinnt ceisteanna a ardaíodh san eagrán seo - https://tinyurl.com/eoinp

Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.