Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!
Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Máirín Nic Eoin, scoláire litríochta a chaith na blianta fada ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.
Cad é an Ghaeilge ar 'wow!'?
Cad is brí le deoch a ól 'as a neart'?
An féidir leis an gcainteoir dúchais a bheith mícheart?
Is mó leabhar atá scríofa ag Máirín Nic Eoin agus bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar neart foilseachán, idir cnuasaigh aistí agus eile. Tá sí ina hOllamh Emerita le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann.
Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.