Listen

Description

Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!

Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!

San eagrán seo labhraíonn Ciara le Meidhbhín Ní Úrdail, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar a bhfuil sí ina hOllamh agus ina Ceann Ábhair.

Cad is brí le 'taoscadh'?

An raibh an Tuiseal Gairmeach ag Shakespeare?

Cad is 'guta glan' ann, agus an bhfuil siad agat?

Ó Ghleann Maghair, Co. Chorcaí, ó dhúchas í Meidhbhín agus tá dlúthcheangal gaoil aici le leithinis Bhéarra. Toghadh í ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann i Márta na bliana 2021, an gradam acadúil is airde sa tír seo, as an sárobair scolártha atá curtha i gcrích aici ar son na nDaonnachtaí.

Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo. 

Luaitear san eagrán seo an dán 'Dúchas' le Dairena Ní Chinnéide.