Listen

Description

Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? - podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!

Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchroladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!

Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.

Dr. Deirdre Nic Chárthaigh
An bhfuil ár n-ainmneacha á rá i gceart againn?
Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach botúin a dhéanamh?
An bhfuil aon mhaitheas le córas na ndíochlaontaí?

Ollamh cúnta i gColáiste na Tríonóide í Deirdre Nic Chártaigh. Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Stair agus PhD aici ón ollscoil chéanna. Ba thaighdeoir iar-dhochtúireachta í in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis aici i bprós agus i bhfilíocht na Nua-Ghaeilge Moiche agus i dtraidisiún na lámhscríbhinní sa tréimhse iarchlasaiceach