Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann!
Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn!
San eagrán seo labhraíonn Ciara leis an Dr. Seaghan Mac an tSionnaigh - aistritheoir agus fear léinn a bhain dochtúireacht amach sa Ghaeilge.
'Gaolta' nó 'gaolmhar'?
Cad is brí le 'moladh fola'?
An féidir 'mé' a rá an iomarca?
Foghlaim freagraí na gceisteanna sin agus a thuilleadh!
Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.