I mí Feabhra 2025, chuaigh baill de Mheitheal Uí Chadhain chun na hAmasóine, áit ar chruinnigh siad le pobail bundúchasacha agus traidisiúnta atá ag troid go tréan lena dtailte a chosaint ón eastóscachas.
Sa chlár seo, labhraíonn Caoimhe Ní Choinn, ball de Mheitheal Uí Chadhain, fán turas sin. Cluineann muid chomh maith ó fheachtasóirí agus gníomhaithe eile fá thábhacht na dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta sa troid in éadan an eastóscachais agus an choilíneachais.