An tseachtain seo ar Splanc na Seachtaine le Cuán Ó Flatharta beidh Gráinne Ní Aodha le scéalta nuachta na seachtaine, Daragh Ó Conchúir leis an spórt, Ola Majekodunmi ag caint ar reachtaíocht nua fhuathchainte, agus Conor Brummell ag plé Why Not Her?, feachtas atá ag iarraidh níos mó éagsúlachta a chloisteáil ar an raidió.