An tseachtain seo bhí Donie Breathnach linn sa stiúideo, fear a chaith geansaí Phort Láirge sa Pheil agus san iomáint. Bhí Donie, Cárthach agus Cian, ag déanamh cíoradh ar mhór chluichí na deireadh seachtaine i Roinn 1,2,3 agus 4 sa pheil, agus cluichí móra iomána. Bhí Darragh Ó Brien, peileadóir Cheatharlach, linn agus é ag caint faoin ardú céime atá bainte amach acu , ag dul suas go Roinn 3 don chéad uair le 33 bliain.