Beidh siopa Uí Chionnaith i nGaillimh ag ceiliúradh cheithre scór bliain ar an bhfód i mbliana agus tá roinnt imeachtaí beartaithe acu i rith na bliana le ceiliúradh a dhéanamh. Tá cúigear de chlann Uí Chionnaith ag obair sa ngnó chomh maith leis an ngarchlann.